An Fiche Bliain atá Romhainn:
Taighde agus Teagasc na Gaeilge i Meiriceá Thuaidh
27-28 Deireadh Fómhair, 2011
Le hardú stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach i 2007, na mílte cainteoirí líofa ina gcónaí i ngach cearn den domhan, agus borradh mór in úsáid na Gaeilge ar an idirlíon le blianta anuas, is teanga idirnáisiúnta í an Ghaeilge anois. Is í príomhaidhm na comhdhála seo ná fís fhadtéarmach a fhorbairt don Ghaeilge i Meiriceá Thuaidh, fís a réitíonn le agus a thacaíonn leis an Straitéis 20 Bliain a d’fhaomh rialtas na Poblachta anuraidh.
Is í príomhaidhm na comhdhála seo ná fís fhadtéarmach a fhorbairt don Ghaeilge i Meiriceá Thuaidh, fís a réitíonn le agus a thacaíonn leis an Straitéis 20 Bliain a d’fhaomh rialtas na Poblachta anuraidh.
Beidh ceithre sheisiún ann, le linn dhá lá na comhdhála:
- Dátheangachas
- Teicneolaíocht agus Oideolaíocht
- Taighde agus Scríbhneoireacht na Gaeilge i Meiriceá Thuaidh
- Comhoibriú: Institiúidí Tríú Leibhéal agus Comhphobal na Gaeilge

